School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 283
  3. XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuige. Fuair sé an poll agus 'riúnaig an píosa isteach innte. Scaoileadh saor Seán agus crochadh an bheirt eile. D'imthig na haoinne amach.Fuair an feirmeóir a chapall agus chuir Seán chóh fada leis an Daingean. Bhí an oidhce ann agus Seán ag baint a sheana bhothán féin amach. Thíos i mbun a'thighe chonnaic sé a bhean agus beirt strapairí fir 'na gcodladh. Cheap sé gurb' amhlaidh a bhí sí pósta an tath-uair.Fuair sé tuagh chun iad do mharbhú ach chuimhnigh sé ar an triomhadh comhairle agus d'imthigh sé suas sa chúinne agus d'imthigh sé a chodladh. Ghaibh iongantas a bhean ar maidin nuair a chonnaic sí é agus ghlaoidh sí ar an bheirt mac. "A Phádruig agus a Thomáis tá bhúr Daidí anso." "Mhuise céad míle fáilte romhat," arsa' iad san, "Cad a thugais chughainn. Níl ruaine bídh sa tigh againn." "Níl faic agamsa mhuise ach bulóg risíní taréis mo trí bliadhna". Is mór an nígh sin féinig ars'a bhean, is giorra cabhair Dé ná an doras. Ghearr sí an bhulóg agus is ansan a leath a súile ortha mar do thuit tuarasdal trí bliana amach as a' gcíste. Mhaireadar go sona sásta as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish