School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an Mhináird Thiar sa pharóisde seo a rugadh agus a tógadh Pádruig Ó Briain, agus is ann a cailleadh é tímcheall le trí fichid bliain ó shoin. Daoine bochta gan talamh gan seilbh a b'eadh a mhuinntir. Saor cloiche agus dionadoír chómh maith do b'eadh é, agus chaith sé furmhór d'á saoghal ag obair ar phágh a lae do mhuinntir an cheanntair seo. Do chaith sé seacht mbliana in Aimeiricé le linn a óige, ach d'fhill sé abhaile go dtí n-a áit dhúthchais cé gur bhocht an saoghal a bhí i ndán do anso.Bhí féith na filiochta go láidir ann, agus ba mhór an cháil a thuill sé dho féin in Iarthar Chiarraidhe le na chuid dán, "Caoineadh an Athar Eoghain O Súilleabháin, Sagart Pharóisde an Daingin, an píosa filíochta ba thábhachtaighe a chúm sé. Tá an dán fá chló sa leabhar san "Duanaire Duibhneach," ach is truagh go bhfuil furmhór a chuid dán dearmhadta ag na daoine. Is mó bhéarsa a chúm sé ag moladh daoine maithe agus áiteanna deasa srl, ach is minic leis a a thugadh sé leadhb d'á theangain do dhaoinibh suaracha ná'r thaithn leis. Fear ana naomhtha do b'eadh é. Deireadh sé an Choróinn Mhuire do'n bpobal roimh aifrionn gach Domhnach i sáipéil Liospóil. Ní raibh turas(continues on next page)