School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 404
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Páirceanna agus a nAinmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)7.Log na gCapall: Deirtear go mbíodh log mór uisce ann fadó agus go stadadh na capaill ag gabhail an bóthar dóibh chun deoch a d'ól ann.
8.Baile-na-Saor: Bhíodh saoir-cloiche go flúirseach ann fadó.(Baile na Saor beag, Gort na gCuileannach agus Cluain a' Chóta na seanainmneacha ar an áit.)
9.Bánog:(a) An baile suidhte i gclais nó i gcam ag bun an chnoic aus foithin maith aige. (b)Deirtear leis gur de bharr an talamh a bheith curtha go minic fadó ann a fuair an baile an ainm Bán-óg.
10.Baile 'n Bhogaig: Bogach nó portach san áit. É suidhte ar cliathán an chnuic.
11.Mám a'-Ghurráin:-Ar an dtaobh thuaidh de Bhaile'n Bhogaig ar chliathán an chnuic. Tá Mám ar an gcnoc san áit sin. - Baile Fearainn:- BÁNÓG1) PÁIRC a' tSNAITHIs ann a leathadh na mná a gcuid snaithín lín chun é bhánú sa tsean aimsir. Bhíodh sé clúdaighthe le snáithín ó chúinne go cúinne. Chaithidís fanacht ag faire ist oidhche ar eagla go ngoidfí uatha é.
2) CNOC na nGAMHANBhíodh sé lán d'aiteann agus do sceacha, agus chuiridís na ba isteach ann i bhfolach ós na báillí. Is minic a bhíodh gamhna ar iarraid ar feadh cúpla lá sar a bhfaighdís ann iad.
3) GLEANN MÓRTá gleann mór doimhin innte
4) GORT an IOMAIREPáirc mhór fhada go mbíodh iomairí breághtha phrátaí innte.(continues on next page)