School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 405
- XML “Páirceanna agus a nAinmneacha”
- XML “Páirceanna ar an Min Aird Thoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5) GORT a' SCÓIRNa daoine bochta san mbaile ná raibh aon talamh acu do chuiridís prátaí ar scór ann.
6) LÚIB an CHAPAILL BHUIDHEDe bhrígh gur marbhuigheadh capall buidhe ann, adeirtear ??
7) GORT na bhFOTHARACHMórán tighthe tighthe ann fadó - na fotaracha le feiscint fós.
8) AN GORT DOIMHINTá clais 'na bharra, clais 'na bun agus cnapóg 'na lár.
9) LIOS na CEALLAMHNAIGENíl fhios ag muinntir na h-áite ach is dócha gurb amhlaidh a bhí "ceallamhnach" ann, roilig 'na gcuirtear leanbhaí a cailltear gan baiste.
10) MÓINFHÉIRÍN na SPEILEPáirc bheag go bhféadfadh fear an féar ann do bhaint in aon lá amháin.
11) GORT a' STAIGHREClocha in iomairibh ag eirige os cionn a chéile ann ar nós staighre.
12) LÚB a' MHADRAChonnacathas sprid i bhfuirm madra ann tráth. An cuma so ar an bpáirc. (Illustration)
13) GORT a' CHOIRÉILCoireal chloch ann.
14) GORT na DRUINNEArdán 'na lár
15) LEAC an NÍGHEACHÁINTá abha bheag ar rith tré Bánóg. I lár an bhaile bhí leac ins an abhainn fadó agus is ann a dheineadh mná an bhaile an nigheachán.
16) STRÁICE an BHÓTHAIR17) LÚIBÍN na CIRCE18) GARRDHA na LEACAN19) GORT a' PHÚICÍN20) GARRDHA BHRÍGHDE - 1) AN SLIABHPáirc gharbh in aice na scoile seo.(continues on next page)