School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 406
- XML “Páirceanna ar an Min Aird Thoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(2) Páirc a' leasa - lios ann.
(3) Buaile na Sceach - tighthe ann fadó agus is ar mbuaile seo do chrúidtí na ba.
(4) Cnoc an Aitinn: Tá an pháirc seo mín anois ach ní bhíodh fadó.
(5) Gort a' Lín ; Cuirtí líon ann fadó.
(6) An Faithche: Páirc mín réidh, móinfhéar ann go minic.
(7) Brághaid an Chorraig: inaice an chorraigh ar an dtaobh theas de'n mbaile
(8) Gleann Caoch: É clúdaighthe le toirac., tá an gleann so ar an dtaobh thoir de'n mbaile.
(9) Páirc a' tsléibhe: inaice Cnoc an Ghleanna
(10) Poll an Uisce
(11) An Figheadóir- Páirc gharbh cúpla céad slat ó dheas ó'n scoil. Tig ag figheadóir ann uair.
(12) an Pháirc bhán: páirc mín réidh.
(13) An Seana-mhaca: talamh méith réidh innte.
(14) An Seana-Láthair - Tighthe cómhnuighthe ann na blianta ó shoin agus rian na bhfothrach le feiscint triochadh bló shin.
(15) An Gáirdín: Páirc ar aghaidh an tseanshiopa amach ar an mbaile. Bhí Gárdaí an Cósta 'na gcómhnuidhe 'na gcómhnuidhe san áit fadó, agus bhí an pháirc sin a bhí mar gháirdíní. Tá seana thig fós ann agus b'í sin an scoil a bhí sa áit seo sar ar tógadh an scoil nua sa bhliain 1873.
(16) Tobar na Cisighe - Ciseach san áit, bóthairín fliuch garbh ag déanamh ar an dtobar.
(17) An Grafadh - Talamh fliuch trom a bhí ann, agus triomuigheadh é(continues on next page)