School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí ró ghéar agus bíonn scata caorach thíos ann go minic.Cloch a' Chómhartha:
Carraig í sin lasmuigh de phoinnte na hAcraí. Nuair a chídhtear í go hárd os cionn an uisce bíonn fhios againn go bhfuil lag trágha ann. Bíonn sí clúdaighthe nuair a bhíonn barra taoide ann.Faill na Máirnéalach:
Caitheadh isteach ar an bhfaill seo cuirp cúigear máirnéalach taréis briseadh long fadó. Béal na gCloch:
An Cuas inaice Chaisleán na Mináirde. Bíonn sé i gcómhnuidhe lán suas de chlocha móra cruinne a thagann anoir ó na faillteacha.Faill na Saor:
Tá coiréal breágh de chloch ruadh gainmhidhe anso. D'oibrigheadh é suas go dtí dachad bliain ó shoin, agus is uaidh a tháinig na clocha chun na scoile seo do thógaint. D'úsáideadh leis iad do seipéal agus Clochar an Daingin.Faill Breac
Dath breac ar na clocha ar chliathán na faille.Faill an Fhiaidh Bhig:
Bhí fiadhtha go flúirseach san áit seo uair. Tá páirc i bparóiste Liospóil in aice linn agus tá "Páirc an Fhiadh" ann. Tá sí roinnte 'na páirceannaibh beaga anois, ach tá an falla cloch a bhí mór dtimcheall na páirce 'na sheasamh fós. Deireann na sean daoine gurbh amhlaidh a éaluigh fiadh amach as agus gur marbhuigheadh ar an bhfaill seo í.Faill Dubh:
Cuma dubh dorcha uirthe.Faill a' Mhacaigh:
Talamh réidh ós a cionn. (macha)Faill a' Chomhra:
Inaice leis an nGob. Clocha i bhfuirm comhran ann.Carraig na Spéacán
Inaice Faill a' Chomhra.Carraig na mBuachaillí
Ar Chnoc a' Ghleanna. Bhíodh na buachaillí ag súgradh dóibh féin ann agus iad ag aodhaireacht ar an gcnoc.(continues on next page)