School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 432
- XML “Briseadh Long”
- XML “Briseadh Long”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Muircheartach agus Cuirc ag cuardach i measc na gcloch lá agus cad a fuaireadar ach ladhar do phíosaí óir. Choimeádar 'na rún é, bhí ag eirghe go geal leo go dtí go bhfeacaidh fear eile an t-ór buidhe á bhailiú acu. Chuaidh an scéal amach agus fuaireatheas luach dhá chéad púnt 'na dhiaidh san, ach deirtí go raibh na mílte ag an mbeirt. Fuairtheas leis léinteacha agus éadaighe t'réis briseadh na loinge agus an ainm Ó Mulláin scríbhte ortha. B'shin é an fear a mhairbh an Captaen agus ba ó Abha-na-Scáil é. Do réir deallraimh dhein sé mórán airgid in Aimeiricé Theas agus bhí an saidhbhreas ar a phearsain aige ag teacht abhaile dho. Ní bhfuair a dhaoine muinnteardha féin pingin ruadh de'n airgead ach cheannuig an bheirt fhear a fuair an saidhbhreas go léir feirmeacha talmhan in a dhiaidh san.Mícheál Ó Cinnéide(70 bl) Feirmeóir
Na Dúnta, Liospóil.
Fuair sé na tuairisgí ón a athair atá caillte le fada. - Mícheál Ó Cinnéide, Na DúntaDeireann Mícheál Ó Cinnéide go bfheachaidh a athair(Seán Mhichil) h-ocht déag n-árthaige raiceálta ar chóstaibh Bhágh an Daingin.(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Address
- Na Dúnta Thoir, Co. Kerry