School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 433
- XML “Briseadh Long”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tuairim is céad bliain ó shoin do raiceáladh long mhór-pé rud a dhimthig uirre b'éigin dos na máirneálaig í do thréigint agus thugadar iarracht ar an talamh do dhéanamh i mbád beag. h-Ochtar déag a bhí sa bhád nuair a chonnaic muintir na Dúnta é ag imtheacht roimis an ngaoith soir. Bhí stoirm chomh h-olc san ann gur cheap gach aoinne go sloigfidhe iad gach nóimeat agus ní bhíodh rian díobh le feiscint uaireannta ins na claiseanna doimhne idir na dtonntacha. Bhailig scata daoine ar Chnoc a'Gleanna agus ag Béal na gCloch ag faire ortha agus dheineadar comhárthaí do'n gcriú teacht i dtír ag Béal na gCloch mar dá leanaidís soir ní bheadh aon tseans acu. Is amhlaidh a cheap na máirneálaig gur raic a bhí uatha agus níor thugadar aon iarracht ar chasadh. Ag déanamh ar Poinnte na hAcraí dhóibh is dócha gur chuir na faillteacha árda scanradh ortha mar chasadar agus b'é a ndícheall Béal na gCloch do dhéanamh. B'é an tslighe gur choimeádadar an t-uisce as an mbád ón uair a dhfhágadar an long ná suidhe ar ghunail an bháid agus a gcásóga móra íle d'oscailt amach. Caitheadh an bád isteach ar an dtráig agus ba dhóbair dos na fearaibh go marbhócfaí iad ach do shábháil an dream a bhí ag feitheamh leo iad. Fir dubha a bhí ar an gcriú agus ba mhór an t-iongantas a dhein muintir na h-áite so dhóibh nuair nár bhféacadar riamh roimis a leithéidí. Ní túisce ar an dtalamh tirim iad ná tharringeadar (na fir dubha) na sceanna amach dá chéile agus mar a mbeadh na daoine eile do(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Address
- Na Dúnta Thoir, Co. Kerry