School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 454
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a b'eadh é, agus dhein sé mórán shneachtaidh, agus chuir sé an bóthar soir do.Chonnaic sé ceathrar fear agus iad ag iarraidh bó a chur anáirde ar an dtig chun blúire féir ghlais ag déanamh'', arsa fear an Daingin leis an gceathrar fear. Táimid ag iarraidh an bó san do cur anáirde ar an dtig mar tá sí ag fághailt báis leis an ocras, agus má féadfaidh í a chur anáirde bfhéidir go n- íosfaidh sí an blúire féir ghlais tá ar dhroim an tighe. ''Dhera a dhuine,'' arsa fear an Daingin, ''nár bhfusa dhíbh corrán a dhfághailt agus é ghearradh anuas gan bheith ag iarraidh an bó a cur anáirde ar dhrom an tighe. ''Bhí gor, a dhuine uasal tá an ceart agat'', agus dúbhradar nuair a bhí sé imthighthe gur dian an meabhair a bhí ag an bhfear san. Cuir fear an Daingin an bóthar do ag lorg déirce arís, agus dubhairt sé leis féin go raibh an ceathrar fear so chóimh mór do amadáin leis an mbeirt ban a dhfág sé sa tig ar maidin. Bhí sé timcheall le ráithe amuigh ag lorg a dhéirce ó thig go tig agus ó bhaile go baile, agus do ghaibh sé isteach i dtig aonair a bhí istig i n'gleann agus bhí sé i ngeall le tuitim na h-oidhche. Ní raibh istig annsan roimis ach bean agus(continues on next page)
- Informant
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Gabhlán Ard, Co. Kerry