School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 455
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do Bheannuig sé dhi. Nuair a chuaidh sé isteach bhí sí 'na shuidhe cois na teine, ''Dhera muise cé hé tusa?'' ''Duine bocht le Dia'', arsa é sin. ''A Mhuire mháthair,'' ar sí sin, ''an bfeacaís Donncha'', b'é sin an chéad fear a bhí agamsa'', ar sí sin. ''Ba mheasa liom go mó é na Seán an tarna fear, agus is dócha ná fuil an t-éadach ró mhaith ar Dhonncadh''. ''Níl go deimhin'', arsa fear an Daingin. ''tá siad caithte a dóthain''. Isteach annso fadó a thagadh an táilliúir i gcómnuidhe ag fúigháil dúinn, agus tá Seán imthighthe ag triall air anois chun culaith bréide a dhéanamh do, agus ar m'anamsa féin b'fheárr liom an culaith a bheith ag Donncha ná ag Seán. '' Thug sí amach píosa bréide a bhíaige Seán chun an culaith a dhéanamh do. "Tá an píosa ró throm'' arsa fear an Daingin, ''agus ní fhéadfainn é iomchur.'' ''Tá asal is cairt againn'', ar sí sin, ''agus iomcharóchaidh sé sin é.'' Do bhuail sí gléas ar an asal, agus do chaith sí an píosa bréide isteach sa chairt. ''Tá próca mór ime agam agus bí súil mór in im ag Donncha agus leigfead chuige é. Dein deabhadh maith anois sara bhéarfaidh an táilliúir is Seán amuigh sa buaille ort.'' Chuir sé dho an bóthar síos agus an t-in agus píosa mór bréise aige agus asal is cairt. Tháinig an táilliúir agus(continues on next page)
- Informant
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Gabhlán Ard, Co. Kerry