School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 050
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leith-choill go Beanntraighe. Thugidís móin ann dhá uair sa ló go minic agus deiridís go mbheadh an lá loitighthe acu dá dthéighidís ann acht aon uair amháin. Ní ghoillfeadh fuacht ná fliuchara ná breóiteacht fhairrge ortha seachas na rudaí atá ar fuaid an bhaile anois.
- Fadó fadó bhí beirt fhear in Deirelocha agus bhidís ag baint feamanach in Oileán Gháirnais agus bhídís á dtabhairt chun Deirlocha. Lá amháin chuadar ag baint feamanach agus nuair a bhí an bád lán acu thomáineadar leó cois Calluigthe siar. Nuair a bhíodar cómh fada le Pínte Mháis bhí an bád ag oscailt leis an ualach mar ba sheanna bád í. Ana snámhaidhe do bheadh duine acu agus ní fhéádfhadh an tarna duine aon snámh a dhéanamh. Thiomuig an snámhaidhe mhaith fé'n uisce agus bhí sé ag cur téad tímcheall an bád chun í choimeád le chéile agus le na línn sin do bádhadh é " Slán mar a n-innistear é ". An té ná féádfadh snámh shálorthuig sé é féin go dtí an faill agus chuaidh an t-seana bád síos.
Síghle Ní Cruadhlaoich
Léith-choill
EadragábhailFuaireas iad ó m'athair- Collector
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Cruadlaoich
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork