School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 055

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 055
  3. XML “Duine Cáiliúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín áluinn ann fadó agus bhí sí 'na cómhnuidhe i gCíll Treasna in Adrigól. Dúbhairt a máthair léi go gcaithfidh sí pósadh a dhéanamh le seana fhear a bhí 'na chómhnuidhe in a h-aice. Bhí mórán airgid ag an bhfear ach níor mhaith leis an chailín é do phósadh, ach do phós sí é in aon chuma. Annsan tháinig brón uirthe agus dúbhairt sí na focala so.
    I
    "Is dealbh dúbhach deórach an pósadh de ghealladh dom
    [?] na sean-duine na h-íar cnámha
    Do chuireadh le fórsa a bpósadh do sagart sinn
    'sis dúbhach bhí agam ar líon é rádh
    II
    A thioca gan chíall gur mhór gur bhfearra dhuit
    Bheith ar do leabaidh ar cham an lá
    Do chailíní óga ag gnó is a obair dhuit
    Do chuigeann a cnaga dhuit uair sa ló
    3
    Dá gcuirfeá me ar bhóthar nó cóíste ag cnagarnaig
    Ór na chairn é thabhairt dom lámh
    Ní ghealadh mo chroidhe aon oidhche sa t-seachtmhain duit
    Go deimhin ní ghealadh go bhfaghaim me bás
    4
    Ní thaithnean do shiúbhal do láiath do chastha liom
    Ag bagairt do shúile ná siúd do leaca liom
    Gur Fear eile súgach dúaig me ar mearthal
    mo chroidhe do cheangal san óig fear breágh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhathghamhna
    Gender
    Female
    Informant
    Eibhlín Ní Mhathghamhna
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    53
    Address
    Coolieragh, Co. Cork