School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 129
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó fadó sa tseana aimsear bhí fear ann go raibh mórán paistí aige. Aon lá amháin chuaidh sé go dtí an greasuidhe chun brog d'fhagail doibh. Nuair a bhí sé ag dul amach an doras dubhairt seana chat a bhí sa cúine, tá peire bhróg uaimse leis. Chuaidh an fear go dtí an gréasuidhe agus d'innis sé an scéal mar gheall ar an gcat. O, arsan gréasuidhe tabhair an cat chugamsa amáireach. Thug an fear an cat go dtí an gréasuidhe. Bhí moran coin ag an gréasuidhe i gcomháir an chait. Do chathadar an cat amach as an mála. Chuaidh na coin in a diadh ach nior rugadar air, Chuaidh sé isteach i d'tig agus rug ceann des na coin ar a cois. Chuadar isteach don tig agus níor bhfuair siad an cat ach seana bheán istig agus mála ar a chois. Do thógadar suas an mála agus bhí an cos geartha agus annsan bhí fhios aca gurabh í an cat a bhí ann.
- Collector
- Mícheál Uá Súileabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ua Súileabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 51
- Address
- Coolieragh, Co. Cork