School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 130
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair i bproiste Beantra Thagadh sé abhaile gach oidhche Satrain. Caithfeadh sé siubhal abhaile mar san am san ní raibh aon glúaisteán ná rothar ag na daóine. Aon mhaidean amháin D'eirig sé go h-ana mhoch mar ní raibh aon chlog aige, bhí an ré ag taithneam act bhí foth chioth sneachtaigh ag imthéacht sa spéir. Do ghlúais sé cun siubhal chomh mear is d'fheadach sé mar béigin dó bheit san obair ar a h-ocht a chlog. Do bhí an báisteach ag teacht ní ba thréine nuair a srois sé Glean-garbh chuaidh sé fé scáth na dtighthe. Ní raibh sé i bhfadh ann nuair a chonaic sé beirt fhear roimis amach seadh" ar seisean leis féin beidh cuideachta éigin agam anois. D'eirig sé amach as an scáth agus bhí sé ag déanamh ortha acht nuair a tháinig sé suas leó bhíodar imthigthe. Tháinig an úaigeanas air acht do chaith sé bheith ag glúaisteacht ba ghear gur chualaidh sé an fothramh 'na dhiaidh arís agus chonnaic sé fear agus sgian 'na láimh aige agus é ag míormar leis féin, "Dia go deo linn" ar seisean "táim réidh." Do bhí sé ag cur de riamh is chóidhche go dtí gur shrois sé crois a dá bóthair. Nuair a tháinig sé go dtí sin do chonnaich sé tig breágh ar thaobh an bhóthair agus do chuaidh sé isteach ann chun é féin a theitheadh leis an dteine act nuair d'fheach sé ar an suidhcheán bhí fear sínte air agus sgian sáidhte 'na chroidhe. Tháinig sgeon 'na shuilaibh. Bhí sé cun dul amach act dubhairt fear acu leis go raibh sé rómh luath fós agus suidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Míceál Ua Séaghdha
    Gender
    Male
    Informant
    Míceál Ua Séaghdha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Coolieragh, Co. Cork