School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 160
  3. XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an dTráigh”
  4. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    t-uisce thabhairt le n-ól dóibh ar chéalachan ar maidin.
    Deinntí dath as an ceann donn. Fásann megioll a ghabhairín ar bharra an trágha. Tá dhá saghas báirnig ann, báirnig glasa mílse agus báirnig móra cuidheacha. Tá tropán go deas le n-ithe fuar beirithe. Tá an múir leathann níos saidhbre chun leasúghadh ná an múir caol Sliogáin dubha agus deilgneacha ionnta iseadh na cuain maradh. Da raghadh dealg acu i gchois nó i lámh duine ba ana dheacair é do bhaint amach mar do réir mar a líonan an taoide bíonn sé ag dul isteach
    "raimh" "péacan" "péachan chaipill" "múir caol" "muir leathan"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seo leigheas do duine go mbeadh gile lag aige nó duine ná fheadfach aon bhiaidh d'ithte. Nóiníni móra do bhaint agus iad a thíormuighadh annsan iad a bheiriúghadh agus an t-uisce bheadh ortha d'ól. Aoine go mbeadh faitinní ag fás air seo leigheas dóibh. Iad a comhaireamh agus an uimhir ceadhna do stríocaí beaga do chuir ar slatín cuileánn agus é chuir isteach in aoileach. Do réir mar a bheadh an slatín ag lobhtha bheadh na faitinní ag imtheacht
    Leigheas eile na faitinní do comhaireamh agus an uimhir ceadhna do clocha beaga do chur isteach i sparán. Iad do chaitheamh san áit go mbeadh siubhall daoine. An té óscalóch an sparán ar dtúis is aige san bheadh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chruadhlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Leahill, Co. Cork
    Informant
    Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    41
    Address
    Leahill, Co. Cork