Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Kilmocomoge, Co. Cork
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Lá agus mé ag dul go banndan

    Lá agus mé ag dul go Banndan
    Ar aonach cearc na Samhna
    Bhíosa san am san
    Gan ambar ná gan gádh
    Do cheannuigheas blúire ghamhnaig
    Ó fhear andeas don cheanntar
    Is ní bhfuaireas riamh an ceann í
    Ar cheallthar ná ar bhrághaidh. (cráib)
    Do chomáineas liom anall í
    Do dtánamair go Banndan
    Do chuireasa mo ghamhnaig, ar sgáth
    Bhí rinnce is ceol is dobhas ann
    Ba ghairid dúinn go rabhamair
    Gan mheabhair seal mar chách.
    Nuair ba tam dúinn bheith ag gluaiseacht
    Ní raibh sí ann ná tuairisg
    Blágárdaí na tuatha
    Arádh gur bshiúd í suas í
    Agus sé ndeinidís a thruagh dhom
    "A bhfuairis í a Sheáin."
    Do shiubhaileas cnuic is gleannta
    Is gach aon bhall dá raibh ann di
    Comarcha na h-abhann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Reenadisert, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Duinín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Reenadisert, Co. Cork