School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 270
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt filí na gcómhnuidhe theas in Inse Geimhleach uair. Dómhnall na Buile a b'ainm do dhuine aca agus Dómhnall na Tuile don duine eile. Thángadar go aonach Inse Geimhleach agus cheannuigheadar mart igcóir na Nodhlag.Ba cómhgaraighe tig Dhómhnaill na Tuile ná tig an fhir eile d'Inse Geimhleach. Do marbhuigead an mart annsan do chuir Dómhnall na buile an buachaill aimsire a bhí aige chun leath an mairt a thabhairt leis. Is ar éigin fuair sé é agus bhí abha aige chun crosadh ag dul abhaile do. Nuair a chuaidh sé abhaile go Dómhnall na Buile d'fiafruig sé de "a bhfuair-se a thuile (?) "Ní bhfuaireas2 ars an buachaill mar dubhairt sé go raibh a thuile san abhainn. Dubhairt Dómhnall na Buile leis annsan."Is doimhin a bhíonn an abha
Agus is sleamhain a bhíonn na leacaca ann (?)
Agus mar a leagtar an crann
Is ann a bhíonn na sleisneacha."- Collector
- Neans Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Informant
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork