School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 337
- XML “Sníomh”
- XML “Éadach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ba bhuan é a saoghal. Cuir an muilleann deire leis an obair seo go léir.
- Tá atrughadh mór ar an eudac atá á caitheamh indiu seachas mar bhí dhá caitheamh seachtmhadh bliadhain ó shoin. Seo mar bhí sé an uair sin go h-áraighthe ar fuaid na tuaithe agus na sráid bailighthe beaga. Bhíodh caoire ag an bhfeirmeóir, do bhearrtaí iad i mí Bealtaine, núair a bhíodh an aimsir breágh. Sar a mbearrtaí iad do nightí iad san abhainn chun an olann do bheith glan. Annsan deintí é chárdáil sa bhaile, le cárdaí beaga, agus ar an gcuma san deintí rollaí beaga de. Bhíodh turn olna ins gach tigh. Deintí é sníomh annsan agus cuirtí an snáth go dtí an fígheadóir chun plainín a dhéanamh de. Deintí mórán baill éadaig ar an gcuma so - báiníní bhíodh ar an dtaobh istig de bheist, agus fó-bhríste bhíodh leis an gcroiceann. Deintí báiníní fairsing de leis, a bhíodh ar an dtaobh amuigh den cuid éadaigh agus cuiridís snaoidhm ar seo a coimeádadh timcheall an chuim é. Cun casóg, bhest agus bhríste a dhéanamh de cuirtí go muilion tucála é cun é reamhnú agus do dhathughadh. Dath crón-dubh is mó bhíodh ar an éadach san am san. Bféarr an chaitheamh bhíodh san éadach san am san ná mar tá fé láthair agus ní bhíodh puinn caillte leis seachas mar atá fé láthair.
- Collector
- Nóra Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork