School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 385

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 385

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 385
  3. XML “Véarsa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (I)
    Is datamhail maiseamhail neádta mar ball eadaig mo bheistín liáth
    Is ní deallramhach le h-aón breíde í do deanfhadh aón caille ar slíabh
    Cé go dtigheann sé dhom cómh néadta is núair fheúchaim ar a deire thíar
    Gur doích liom nár liom feín í agus mé dein sí tar bárr mo chíall
    Is nuair feúchaim ar a h-iochtar shílim gur breagta í thíar
    Iompuighím cúghammh airís í is bíonn mo croidhé istig ag gaíridhe im clíabh
    Do bain sé ithe an bídh díom is do luigdig sé tar bárr mo chíall
    Cé go bfaighfhinn ceúd púnt le mnaoí gan taointe ach mo bheistín liáth

    (II)
    Ach a Sheain is olc an díol ort gan bríste ná beistín d'fághail
    Bheadh sí na strochaí scaoilte síos go dtí an féur ag fás
    Más dóibh a tugais a h-íochtar mar diolaídeacht mar spóirt ar mnáibh
    Beir feínig leat airís í agus ídig í go deire an t-snáth
    Béarfhadh liom airís í agus is maith liom feín an t-Offer (?) d'fághail
    Deánfhad bríste is rapar de a mairfhidh cun go bfághaidh mé bás
    Níl snaut (?) ná píosa a bfanfhaidh de ná geárfhaidh bean a geóbhaidh an t-sráid
    Ná go dtabarfhadh dí mar fallaing í. Sin seancus ar beistín Sheáin

    Fear a bhí ann fadó agus cheap sé go raibh mná na dúidhche ag rith na dhíaid. Fuair sé píosa bréidín agus deineadh bheistín liath do. Níor aithin sé é féin núair bhí an beistín líath air agus cheap sé annsan go bhfaghadh sé céud púnt spré le (?) aón bean agus gan pioc eile aige ach an beistín bhí oiread san measa aige ar.(?)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chéilleachair
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Mhic Sheáin
    Gender
    Female
    Age
    c. 80