School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am fadó de bhríg ná raibh teideal buan ag feirmeóirí na h-Éireann in a ngabhaltas tailimh, ní deintí cleamhnas cun go mbíod an buachaill nó an cailín scoth-aosta, mar is fíor minic a deintí an feirmeóir a chaitheamh amach as a thig, agus go mbead sé féin, agus a mhuiruighean i mbothán ar thaobh an bhóthair toisg ná raibh an cíos go féileamhanta aige don tighearna talmhan. B'féidir go mbead an sgeul mar sin ar feadh roinnt bliadhanta cun go n-aosócad an clann cuige, agus le conghnamh a chéíle go sroichfidís blúire beag tailimh a cuirfead ar a mbonnaibh airís iad.Pé airgead a bhead ag feirmeóir níor bhféidir an fheirm a cheannach ón dtighearna talmhan, ach bhí anois is airís seans ag feirmeóir tearma maith fada d'fághail ar a gábhaltas ach ní gan suim mhór airgid a thabhairt don tighearna talmhan. Airgead marbh a tugtí ar an airgead san. Toisg go raibh cáirde fada ag an bhfeirmeóir sin isé ba thúisge adheineadh a mhac no a inghean a phósadh. Ba gnáthac gurb iad na cailíní a gheibhead tosac. San Inid a phósad na(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Address
- Seanbhaile Sheáin, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork