School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 350
- XML “Scéal - Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí sprid taobh thíar de Baile - Mhúirne uair agus do bhíodh píopa aici cómh mór le ciotal. Cailleach a' píopa a glaóidtí uirthi. Is i s'doidhche a thaisbeánadh sí í féin agus do bhíodh sí ag tathaint ar gach aoinne a ghabhadh an bóthar an píopa d'ól ach ní ólfhadh aoinne é.
Tárla i ré chuma go raibh fear éigin agus bhí sé gan aon tobach ar feadh seachtmaine agus bhí buile tobach air. Do bhí sé ag gabhail an bóthar sin aon oidhche agus do phreab an sprid amach chuige agus do bhí sí ag tathaint air an píopa do thógaint úaithe agus do thóg. D'ól sé gal as agus do tug sé thar nais di é agus do guid sé ar son na marbh , do tug sí do airís é agus d'ól sé gal agus thug sé thar nais di é agus do guid sé ar son na marbh do tug sí do airís é agus nuair a bhí sé a thabhairt thar nais di do ghuid sé ar son na marbh an tríomhadh úair.
"O" ar sise táimse slán anois tá m'anam thúas i bhFlaitheas Dé agus tóg-se leat an píopa agus beidh sé lán gach aon uair a raghair chuige. Ná innis pioc mar gheall ar do aoinne mar má inneóchfhair beidh sé follamh as san amach. Bhí an píopa ag an bhfear agus é lán gach aon úair a théigheadh sé chuige. Nuair a bhí sé críona d'innis sé an rún do dhuine éigin agus an céud úair eile a chuaidh sé chuige bhí sé follamh.- Collector
- Máire Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Address
- Ceann Droma, Co. Cork
- Informant
- Donnchadh Ó Colmáin
- Gender
- Male
- Age
- 95
- Address
- Ceann Droma, Co. Cork