School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 293
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1
Deirtear dá mbeadh galar ar na cearca cearc marbh a thógaint, agus a chaitheamh thar teorainn go n-imtheócad an galar go dtí an duine sin
2
Núair a bhíodh galar ar na turcaí, do thógaidís ceann breóite leó, agus chuirfhidís na bheathaidh í ar claidhe na teorann agus a ceann shuas
3
Do bhíodh breoidheacht ar na muca fadó agus glaodhaidís an galar cam air. Churidís an muc isteach i mála, agus do thógaidís thar abhainn teorainn í. Bhíodh fear ar gach taobh na h-abhann. D'fiafruigeadh an fear gur leis an muc "Cad atá thall agat? "Galar cam is muc". "Fág thall an galar cam, agus tabhair anall an muc adeireadh an fear eile
4
Lá Bealtaine ní thabharfad aoinne smearóid duit ar eagla ná bheidís ábalta ar an t-ím do dhéanamh i rith na bliana.
5
Oidhche Bealtaine do chuiridís an glas ar an doruis ag dul isteach go cró na mbó ar eagla do dtiocfad aoinne isteach, agus do ndéanfad sé bó a(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Address
- Seanbhaile Sheáin, Co. Cork
- Informant
- Bean Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Seanbhaile Sheáin, Co. Cork