School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 280
- XML “Scéal Tobair Naofa”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chonailli gCois Tuinne a thosnaig é agus [?] an ainm Cliadhna ortha.
Annsan do tháinig sagart na chómhnuidhe sa bfheirm na bhfuil an tobar agus ní leighfheadh sé aon patrún as san amach ach tá seódh daoine ag teacht ann fós ag tabhairt turais. Tá an tobar [?]sin déanta de cloca mórthímcheall agus tá sé seacht dtroighthe ar aoirde agus tá sé déanta i gcomparáid le cruiceóig beaca - Do bhí garsúinín ann agus bhí leas máthair [?]aige agus do bhí sí go mór le fear eile. Do thagadh sé ann go minic agus do thugad sí a dínnéar do "Deirim-se leat" ar sise leis an garsúinín "gan é sin d'innsint dod athair." Ní inneósaid a dubhairt an garsúinín. Is ar éigin a chreidhfhinn ná go neósfá é. Chuirfhead fhiachail ort gan é innsint mar caithfidh tú an leabhar a thabhairt dom". Do tháinig an t-athair abhaile istoidhche agus shuidh sé in-aice na teine. Do dhruid an garsúinín suas leis an bhfalla agus chrom sé ar é innsint do'n bhfhalla. "Do bhí fear annso um tháthnóna agus bhí dínnéar aca"1/
"Bhí arán is ím is íasc aca
Agus uibhi na lachan, uibhi na lachan
Duit-se a táim a ínnsint
A Phuill an Fhalla, a Phuill an Fhalla
2/
Do chuir sí an leabhar orm gan é innsint
Coidhche do m-athair coidhche do m-athair
Agus duit-sé táim á innsint
A Phuill an Fhalla, a Phuill an Fhalla- Collector
- Neans Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Informant
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork