School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 382

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 382
  3. XML “Tiarnaí Talún Chill na Martra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuairim na ndaoine gur b’amhlaidh do cheannaiódar so ós na daoine fúair ar dtúis é in aimsir Cromwell. Níl aon cúntas cathain nó cé dhein an roinnt ar an dtalamh ach go bhfuil sé ar an gcuma gcéana le breis agus céad bliain. Do cheap na daoine gur tíoranaig mílteacha iad ná ni raibh pioc carthanachta ionta ach mioscais agus droch aigne agus bhí cúis aca leis an dtuairim seo.
    Tá i gCaislean Baile Átha Cliath léiseanna a theasbáinfadh cad é an saghas iad. Seo ceann acu. Dó agus triochadh punt cíos na feirme, ach cuireadh sa léas mar thuile, ceithre cúpla turcaighe um Nollaig agus mar a mbéadh an cíos díolta an lá áirighthe bhí ar an bhfeirmeóir cúig phúint agus dachad do dhíol. Na theannta san bhí ar an bhfeirmeóir aire thabhairt don ‘game’ gan aon díoluigheacht, agus dá bhfaightí súil ribe roimh giorraidhe sa talamh bhí cíos leath bliana ort le díol.
    Éinne go raibh portach ar a gcuid tailimh do dhíolfhad an tíarna talún amach é agus níl fód móna ag an bhfeirmeóir anois.Teasbáineann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    null
    Gender
    Female
    Informant
    null
    Gender
    Male