School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 297
- XML “Naomh Seanán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bliadhain do fhan an t-oileán sin mar daingean an chreidimh in Eirinn.
Deintear fairche ar an oileán 1188Ins an t-sean aimsear deantar fairche sin le barún "Connello" i gCo. Luimnigh agus le cuid do Cho.Ciarraighe ó Inis Cathaigh go dtí an fhairrge mhór ar bhruach na Sionainne. San mbliadhain 1188 roinneadh an fairche sin idir Luimneach Cill-dá-Lú agus Ard Feirte. Do bhain Inis Cathaigh le fairche Cill-dá-Lú.
Clog Naoimh SeanáinScríobhann Naomh Ordán cúntas fé an gclog. Do bhain an clog ar dtúais leis an sean teampall Cill Seanáin abhí suidhte i mbaile darbh ainm " Fidismargh " inaice Cill-Ruais. Tugadh Clog na Néal air ar dtúais mar dubhradh gur tháinig sé óna néaltaibh. Leis an aimsir tugadh Clog an Óir air mar gheall ar an dath bhuidhe atá air. Bhí sé leasuighthe ar feadh na céadtha bliadhanta in íarthar an Chláir acht tá sé anois i seilbh Protastunach darbh ainm Marchus O Cathaoin. Bhí Marcus agus a shinnsear mar tighearnaí talmhan in iarthar Co-an-Chláir fadó agus do thugadar iarracht láidir na daoine a iompó ó a gcreideamh féin ins na laetheanntaibh píanamhla ach do theip ortha.
An TúrDo chuir Naomh Seanán seacht dteampaill ar bun in Inis Cathaigh. Aon uair amháin bhí 60 manaigh in aon mhainistir ann agus bhí 30 sagairt(continues on next page)- Collector
- Ita Ó Bhriain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Crovraghan, Co. Clare