Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Naomh Seanán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bliadhain do fhan an t-oileán sin mar daingean an chreidimh in Eirinn.

    Deintear fairche ar an oileán 1188
    Ins an t-sean aimsear deantar fairche sin le barún "Connello" i gCo. Luimnigh agus le cuid do Cho.Ciarraighe ó Inis Cathaigh go dtí an fhairrge mhór ar bhruach na Sionainne. San mbliadhain 1188 roinneadh an fairche sin idir Luimneach Cill-dá-Lú agus Ard Feirte. Do bhain Inis Cathaigh le fairche Cill-dá-Lú.

    Clog Naoimh Seanáin
    Scríobhann Naomh Ordán cúntas fé an gclog. Do bhain an clog ar dtúais leis an sean teampall Cill Seanáin abhí suidhte i mbaile darbh ainm " Fidismargh " inaice Cill-Ruais. Tugadh Clog na Néal air ar dtúais mar dubhradh gur tháinig sé óna néaltaibh. Leis an aimsir tugadh Clog an Óir air mar gheall ar an dath bhuidhe atá air. Bhí sé leasuighthe ar feadh na céadtha bliadhanta in íarthar an Chláir acht tá sé anois i seilbh Protastunach darbh ainm Marchus O Cathaoin. Bhí Marcus agus a shinnsear mar tighearnaí talmhan in iarthar Co-an-Chláir fadó agus do thugadar iarracht láidir na daoine a iompó ó a gcreideamh féin ins na laetheanntaibh píanamhla ach do theip ortha.

    An Túr
    Do chuir Naomh Seanán seacht dteampaill ar bun in Inis Cathaigh. Aon uair amháin bhí 60 manaigh in aon mhainistir ann agus bhí 30 sagairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ita Ó Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir