School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 294](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_294.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 294
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 294
- XML “Leigheaseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)9) Gallúnach agus súgh chun na cnuimh ar na caoire agus chun na fiacla do ghlanadh leis.10) Chun an triuch do leigheas, fiafhruighe d'fhear an capaill bháin iad a leigheasfadh é agus pé rud a dhéarfadh sé sin, a dhéanamh.11) Dá mbeadh créac ar dhuine, leogaint de'n ghadhar é a líreach agus leighisfí é.12) Dá mbeadh gamhan ag fagháil bháis píosa dá chluas a ghearradh agus bheadh sé go maith airís.13) Dá mbeadh an iomad ithte ag bó í a ropadh le sgian sa cliathán14) Dá mbeadh na dathacha ar sean-daoine leigheasfadh an blonag iad.15) Ceathair nó cúig de phrátaí te beirbhighthe do chur isteach i mála agus iad a chur tímpeall muinéal duine go mbeadh sgórnach tinn air.16) Duilleóga té do chur le craobh-abhar chun e a leigheas agus é a dhéanamh ar maidin id' throscadh.17) Préamhacha an caisearbhán do chimilt le nioscóid.18) Dá mbeidhfá ag rith ana mhear agus go mbeadh pian id chliathán, cloch d'fhághail agus cómhartha na croise a dhéanamh trí uaire ar do chliathán.19) Chun teinneas scórnaig do leigheas stoca cniotála do líonadh suas de bhualach agus é a chur tímpeall mhuiníl an duine go mbeadh an sgórnach tinn air.20) Dá mbeadh piastaí i leanbh, trí gal tobach a tabhairt do agus do leighisfí é.21) Chun faithinní do leigheas práta do ghearradh suas agus(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork