School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ní h-é an bochtannacht is measa dúinn,
Ná bheith síos go deo,
Ach an tarcuisne a leanann é na leighisfeadh leómhan,
Má's mar an Eaglais an t-athair mac
Ní'l brígh 'nár gnó,
Is ní fearra dúinn an t-Aifreann
Ná bheith ag suidhe ar an móin"Nuair a airigh an Sagart an bhéarsa seo ag an bhfear mbocht dar leis. D'fheach sé air "Cé h-é tusa" ar seisean. Leog an sagart do teacht in aice an teine gan mhoill, agus do tugadh rud le n-ithe dho. Mar gheall ar an mairbhneamh atá I leathanach 56, tá ráidhthe ann "Mise Pádruig troidhbhéartha" -sé sin le rádh gurb'é an céad Árd-Easbog a tháinig go hÉirinn. Bhí fear I mBaile-Mhúirne agus deireadh sé I gcómhnuidhe nuair a bhíodh sé á rádh san "Dubhairt sé bréag mhaise" 'sé sin le rádh go raibh Árd-Easbog in Éirinn roimis agus is dócha go raibh leis.
Concúbhair Ua Deasmhumhna ainm an fhir sin.- Informant
- Pádraig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork