School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 311
- XML “Fear na Charms”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá fear de Mhuinntir Dhuinnín i gClaodach agus an Dochtúir Ua Duinnín is ainm do. Ní dochtúir in-aon-chor é ach do rugadh é Aoine an Céasta agus do baisteadhé Domhnach Cásga. Aon lá amháin bhí sé ag cainnt lem' Áintín agus bhí tinneas na láímh aice agus chonnaic sé é. Dubhairt sé léi go leighisfeadh sé féin dí é.Dhein sé cómhartha na croise ar an lámh trí uaire agus chaith sé seile air agus dubhairt sé léi rud éigin a chur air mar dheadh gur'bé sin a leigheasfeadh é.Chuaidh sí abhaile agus chuir sí pé rud a dubhairt sé léi air. Ar maidin amáireach nuair a eirig sí bhí an lamh leighiste agus nuair a chasadh airís air í, d'fhiafhruigh sé dí conus abhí an lámh agus nuair adhinnis sí do go raibh sé go maith dubhairt sé léi gan é a innsint d'aoinne go ceann míosa ar eagla go dtiocfadh sé thar n-ais airís. Níor innis sí d'aoinne é go dtí go raibh an mí caithte.
- Informant
- Tadhg Ua Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Inchincoosh, Co. Kerry