School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 325](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_325.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 325
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)corcán agus tháinig sé suas agus chroch sé é féin ar an dteine. Chuaidh an spóla feola isteach ann. Tar-éis tamaill d'eirig prátaí agus nígheadar iad féin. D'eirigh corcán eile agus chuaigh na prátaí isteach ann agus chrochadar iad féin ar an dteine.
Nuair a bhíodar go léir ag beirbhiughadh, d'eirigh éadach-cláir agus leath sé é féin ar an mbórd. Tháinig dhá phláta ón ndreissiúr ar an mbórd. D'eirigh dhá sgian agus dhá fhorc agus thánadar ar an mbórd in aice an dhá phláta. Nuair abhí na prátaí beirbhighthe do thánadar anuas de'n teine agus do sgagadar iad féin.
Tháinig an corcán feola anuas de'n teine. D'eirig an clúdach ó'n gcorcán agus tháinig an píosa feola amach ar an bpláta. D'eirigh sgian agus forc agus thosnuigheadar ag gearradh slisní de'n fheoil agus 'á chur ar an bpláta eile. D'eirigh corcán na prátaí agus thánandar amach ar an mbórd. Dubhairt an sean-duine le Pádruig teacht go dtí an bórd agus a dhóithin a ithe.
Shuidh an bheirt aca chun búird agus d'itheadar a ndóithin de na prátaí agus de'n fheoil. Dubhairt Pádruig leis an sean-dune go gcabhróchadh sé féin leis chun na h-árthaí go ghlanadh suas, ach dubhairt an sean-duine leis nár ghádh dho. D'eirigh báisín uisge thíos ag bun na cistineach agus chuaidh na plátaí isteach ann agus nígheadr iad féin. Bhí ceairt ar chrochadh in aice na teine agus do thiormuig sé sin na plátaí. D'eirigh an éadach cláir agus chuaidh sé amach an doras agus chroth sé é féin. Tháinig sé isteach airís agus d'fhill(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ua Donncadha
- Gender
- Male