School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 343

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 343

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 343
  3. XML “An Cailín agus an Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do thuit sí i laige. Léim a h-athair is a mháthair suas agus an fhaid a bhíodar 'á thabhairt cúichi féin do imthig an stronnséir sa aeir agus ní raibh 'na dhiaidh ach deatach. D'fhan an cailín san bhfanntais ar feadh cúpla lá agus ansan do fuair sí bás. Bhí brón ar a máthair agus ar a h-athair 'na diaidh.
    Cúpla bliadhain 'na dhiaidh san tháinig daoine ag fobhlacracht chun na h-áite sin. Bíodar ag fanamhaint i dtig an fhir sin agus cá gcuirfí duine ach chun codhlata ach isteach san seomra 'na raibh an cailín roimis sin. I lár na h-oidhche do dhúisig sé agus do mhotuig sé an meádhchan mór in áirde air agus fothram fé mar a bheadh gadhar ag amhascraig. Níor chuir sé puinn suime ann mar cheap sé gurab amhlaidh a sgaoil duine éigin an gadhar isteach san seomra chun spórt a bheith aca air. Chuaidh sé a chodladh airís agus nuair a dhúisig sé ar maidin gur taidhbhreamh abhí aige.
    An tarna oidhche dhúisig sé an am céadna. Tar-éis tamaill d'osgail an doras agus do tháinig bean isteach agus gúna bán uirthi. Cheap sé gurab amhlaidh abhí duine éigin ag magadh fé. Léim sé amach as an leabaidh agus chuaidh sé fé na déin ach nuair a tháinig sé in aice léi ní raibh sí ann in-aon-chor ach do chuir sí scread aiste a h-airigheadh an fuaid an tíghe.
    Ar maidin d'innis sé [?] seirbhíseach é agus d'innis sé sin do mar gheall ar an gcailín a fuair bás san tig sin. 'Na dhiaidh san b'éigin dóibh an tig a fhágaint ar fad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Cuill
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupations
    Feirmeoir
    Saor
    Address
    Na Millíní, Co. Cork