School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 348
- XML “An Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear saidhbhir ann uair agus bhí aon mac amháin aige. Rógaire mór ab'eadh an mac. Pé rud a chuir isteach 'na cheann é dubhairt sé gur mhaith leis bheith 'na shagart. Bhí áthas an domhain ar a athair agus a mháthair. Chuireadar go dtí Coláiste chun é ollmhúghadh i gcóir sagartóireachta. Bhí na cómharsain go léir 'á rádh ná fanfaidh sé ann in-aon-chor ach dubhairt a athair go bhfanfadh.
Bhí an aimsear ag imtheacht agus tar éis cúpla bliadhain fuaireadar litir uaidh ghá rádh go mbéadh sé ag teacht abhaile seactmhain ó'n lá san agus é 'na shagart. Tháinig an lá. Bhí na cómharsain go léir ag feitheamh leis chun a bheannacht d'fhagháil uaidh. Ar nóin ní raibh sé 'na shagart in-aon-chor ach is amhlaidh a rith sé ó'n gcoláiste. Fuair sé seana-cóta dubh agus hata agus chuir sé air iad agus cuaidh sé fé dhéin an baile.
Nuair a bhíonn sé ag gabháil thar chlaidhe do scrach sé a bhríste. Tamall 'na dhiaidh san do chonnaic sé gabhar ag ithe eidhneán. Shrois sé an baile. Bhí na daoine go léir istig ag feitheamh leis agus chuireadar fáilte is fiche roimis an sagart mar dheadh.
Dubhairt sé leó teacht ar a ghlúinibh agus go dtabharfadh sé a bheannacht dóibh. Chuadar go léir ar a ghlúine agus sé seo an beannacht a thug sé dóibh : - goatum eatum wum stylum torum brecchiorum Amen. Cheap na daoine go raibh beannúghadh ceart fachta aca.- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female