School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 395
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí cailín darbh'ainm di Siobhan Ní Murcadha ag obair i gCarraig an Adhmuid timcheall fiche bliadhain ó shoin.”
Bhí cailín darbh'ainm di Siobhán Ní Murchadha ag obair i gCarraig an Adhmuid timcheall fiche bliadhain ó shoin. Joe a ghlaodhadh a cáirde uirthi.
Bhí gaolta aici i Maghchromdha agus aon uair amháin chuaidh sí ar cuaird cúcha ar feadh seachtmhaine. Uaireannta bhíodh sí ag cabhrúghadh leo cun an bhiadh d'ollmhúghadh.
An oidhche seo bhí sí ag ollmhúghadh an t-suipéar agus b'éigin di dul amach ad'iarraidh treachtaireachta éigin. Nuair abhí sí ag gabháil síos an t-sráid bhí fear nár aithin sí ag teach 'na coinnibh.
Tháinig sé anonn cúichi agus chuir sé a lámh ar a n-aprún. Pé rud a tháinig uirthi b'éigin dí iompáil agus é a leanamhaint. Bhí sí ag siubhal agus ag siubhal agus í 'á leanamhaint i gcómhnuidhe.
Fé dheire do chasadh duine d'á gaolta agus d'fhiafhruig sé di cá raibh sí ag dul. D'innis sí dho go raibh sí ag dul ad'iarraidh teachtarireachta agus gur chasadh fear uirthi agus gur chuir sé a(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork