School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean de mhuinntir Thuama na cómhnuidhe in Gort na Sgairte timcheall seasga bliadhain ó shoin. Bhí sí pósta le fear darb'ainm do Seán.
Buaileadh breoite an bhean, agus bhí sí sa leabaidh ar feadh abhfad. Fé dheire chonnaic an fear nár 'bhí féin a bhí ann in-aon-chor ach sean-iarlais éigin. Bhí saghas bean feasa in aice na h-áite agus chuaidh sé cuichi sin chun comhairle d'fhághail uaithe. Dúbhairt sí leis dul abhaile agus sluasad d'fhághail agus é a chur isteach sa teine go dtí go mbéadh sé dearg agus í a bhualadh sa drom leis.
Chuaidh sé abhaile agus chuir sé an sluasad sa teine. Bhí an bhean ag faire air. Nuair a bhí sé dearg, rith sé síos sa t-seomra. Léim an bhean as an leabaidh agus amach an doras léi.
Rith an fear amach ina diaidh. Bhí cnoc ar an dtaobh thiar de'n tig agus bhí lios ann. Suas ansan a chuaidh sí agus an fear na dhiaidh.
Sar a shroiseadar barra an chnuic d'éirigh leis an buille a thabhairt dí sa drom. D'imthigh sí as a radharc ansan agus tháinig a bhean féin amach as an lios cuige agus shiubhail sí leis abhaile agus mhaireadar go suaimhneasach 'na dhiaidh san.- Informant
- Pádruig Ua Cuill
- Gender
- Female