School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 204
- XML “Scéal - Cé acu Is Fearr Dúchas ná Oiliúint”
- XML “Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ní fada go raibh an bheirt fhear sa doircheacht.
Is fearr an dúthchas ná an oileamhaint ars' an duine uasal go brónach. - Sidheóga. Bhí fear ann fadó agus Gallús na Cosa Dubha a ghlaoidhtí air. 'Na chodhladh sa ló agus amuich ist oidhche a bhíodh sé. Aon oidhche amháin chuaidh sé isteach i lios a bhí san mbaile agus tháinig na sídheóga amach mar ba ghnáth leo. Sheas gach duine acu ag buachallán buidhe sa pháirc. "Mo chapall is mo shrian" ars gach duine acu agus ar an neomat san bhí an pháirc bhreacuighthe le capallaibh agus srian ar gach ceann díobh. B'ait leis é agus dubhairt sé féin "Mo chapall is mo shrian". Tháinig capall agus srian ar chuige chómh maith le cách.
Siúd ar aghaidh iad na Sidheóga agus Gallús in éinfeacht leo. Níor dheineadar stad ná staonadh nó gur bhaineadar iochtar na hÉireann amach. Bhí lanamha nua pósta ansan agus sciobadar an bhean óg leo. Chuireadar ináirde ar chapall Ghallúis í agus ar ais leo go(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Gribhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí