School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 218
- XML (no title)
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Cailleadh bean ar an Mináird fadó agus phós a fear arís.”
Cailleadh bean ar an Mináird fadó agus phós a fear airís. Ní ró mhaith a thaithn leis an leas mháthair leanbh a bheith sa tig roimpe - b'fhearr leithe go mór go gcaillfidhe í. Lá go raibh an leanbh ag sraothartaig ní déarfadh an leasmháthair "Dia's Muire linn." Nuair a dhein an leanbh an triomhadh sraoth do bhog croidhe na mná, agus dubhairt - "Dia leat is Muire a leinbh gan mháthair.". Le na linn sin do labhair bean anáirde ins na frathacha agus dubhairt sí gur mhaith an bhail uirre é mar go bhfaghadh sí féin liobar mara mbeadh go ndubhairt sí é.- Informant
- Michéal Ó Brosnacháin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí
- Bhí beirt bhacach lá ar Ráiseanna Fionntrágha agus dheineadar margadh lena chéile go riarfaidís i dtráthnóna an méid a bheadh bailighthe acu i rith an lae. Amach ins an lá bhí duine ag déanamh níos fearr ná a chéile. Bhuail an tsainnt é, agus dubhairt sé leis an bhfear eile "Deineadh gach aoinne do féin as so amach." Do fhreagair an bacach eile-"Geallamhaint is cailleamhaint atá agatsa a Sheáin, agus is mairg a bheadh id'lúib. An té a bheidh beidh srathar na haindise air."