School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 292
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Íosa Chríost sciúirseáladh, Mac na Maighdine Muire
Oscail do bhéal agus labhair len á'r gcroidhe Íosa Chríost sciúirseáladh, Mac na Maighdine Muire
Oscail do bhacla agus tóg chúghat féin sinn, Agus dein go maith sinn fá mar a thógais crann cruaidh na croise ar ár son,
agus ar son na bpeacach uile,
Ó iarraimíd ort a Athair siorruidhe
Tré thoradh dhortadh fola t-aon Mhic agus tré athchuingí na Maighdine Muire,
Do mhór thoil naomhtha,
Nuair a bheidh deire len' ár gcúrsa ar an saoghal so
Go mbeidhmíd páirteach id'ghlóire sa Flaithis
Ar feadh na Siorruidheachta, Amen.Dia im' stiuradh, Dia im' mhúineadh, Dia im'theagasc, Dia im' shábháilt ins gach áit a bhfuil an peaca.
'Mhic Dé na Glóire go bhfuil agat na comhachta ód' Athair,
Ná leig sinn thar teóra sar a bhfaighmís an scannal
Beir leat mé abhaile anáirde ins na flaithis ar eagla an peaca.
Ar do chumaraí dhuinn a Mhuir agus go bhféachaidh tú ar á'r gcás
Agus go gcuirfidh tú naoi n-aingil in á'r nglaic ar uair á'r mbáis,
Mar is iad ná leigfidh duinn tuiteam.(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí