Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 794

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 794

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 794
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bparóiste Chlocháin tá baile ar a glaodhan síad Baile Dhuín air. Tá neón fé thalamh ann. Bhí sé ráidhte 'ges na daoine ceithre fichead blian ó shoin go raibh ór agus airgead i bhfolach ann leis na Loclannaig. Nuair a cualaidh na daoine óga na daoine aosta á rádh go raibh ór agus airgead ann dubhairt siad le'n a céile go raghadh siad isteach ann cun an tór agus an tairgead d'fhághailt. Annsan cuaidh an céadh duine isteach san neón agus níor tháinig sé amach in aon cor. Cuaidh an darna fear isteach ann féacaint cad a choimeád an céad fear istig agus níor táinig sé amac. Bhíodar ag dul isteach go raibh seisear istig agus níor tháinig éinne aca amach. Do cualadh an sagart an sgéal agus tháinig sé ar an spota. Dubhairt na daoine leis an sagart gur cuaidh seiear daoine isteach san néon san agus níor tháinig éinne aca amach.
    Bhí an sgéal go brónach ag na daoine annsan nuair a connaic siad cad a thuit amach. Dubharadar féin len a céile go ngearrfaidís an talamh ós a gcionn féachaint an raibh siad marbh. Dheineadar amhlaidh, agus cad a cuir cun báis iad ná an droch aer. Do cuireadar na teampall duthchais iad. Annsan romharadar an neón arís agus fuaireadar alán óir agus airgead ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ua Duínn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Donncadh Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí