Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 811
- XML “Tomhais”
- XML “Tomhais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fé'n talamh.
Fr. fear agus fóid ar a cheann.
6. Cad é an rud is sádruime sa somhan.
Fr. Solus (Eadtrom)
7. Cad é an rud a ritheann gan cos.
Fr. Uisge. - 1. Tá sé in aice na teine agus ta na céadta súile ann, act mar sin féin is maith dhúinn é d'ól.
Fr. Pota Anbhruithe.
2. Uillin Buidhe, Buidhe, siubhalann sí an tráigh is ní fhágan sí an claidhe.
Fr. Grían.
3. Bíonn sé ag corruighe is ag corruighe is ní corruigean sé ríam as an áit.
Fr. Eirbeall mhadra
4. Súid isteach an seó seó, súid amac an séó seó, táinig fear na gceithre gcos agus sgiob sé leis an seó seó
Fg. Cat agus luch.
5. Cím é is ní cíonn tusa é agus is giorra dhuit-se é ná dómhsa.
Fr. Cúl do chinn.