Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 830
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San inid is mó a phósann na daoine annso. Cúpla seachtmhain roimh pósadh cailín agus féar óg deintear cleamhnas, sé sin le rádh ceist an spré do shocarughadh agus má éirigheann leó réitigheann siad lá an phósta agus rudaí mar sin. Tugtar airgead mar spré annso de réir an seilbh. Téigheann an lámhna ar "mí na meala" tráthnóna lá pósta. Nuair a thagann siad abhaile is gnáth oidhche mór spóirt a bheith i dtig an cailín in a mbíonn múintear an lámhna. Tá sé mar piseóg sa paróiste seo: nuair a phósann beirt Mairt na hInide ní théigheann an cailín go dtí a bhaile dhúthcais go dtí an Casg, mar deirtear dá dtéigheadh sí go mbéadh mífhortún aici as san amach. Gúnai gorma is mó a caitheann na cailíní ag pósadh sa cheanntar seo. Dath liath (slinne) is mó a chaithidís fadó. Nuair bhíodh an beirt a bhíodh cun pósadh ag teacht go dtí an t-séipéal fadó thagadh cóisre mór fada de fir ag marcaidheaht ar capallaibh agus a mná ar an dtaobh thiar díobh. Nuair a bhíodh an oidhche spóirt aca thagadh "buachaillí tuighe" de gnáth cun an tig cun bídh agus díghe d'fhághailt. Sé an fáth go tugtaí an ainm sin ortha, ná go mbíodh siad gléasta le culaithe tuighe agus agaidhthe ortha I dtreó is ná aithneóchfaí iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ceallacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí