Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 880
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Nodlag: ar an 24adh lá de mí na Nodlag. Bíónn coingheal ar lasadh in gac fuineóíg an oidhche sin. Ní cuireann éinne in á baile fearainn an boltha ar an dorus an oidhche sin.Lá le Stiopán: An lá indiaidh laé Nodlag. Bíonn na garsuin go léir ana gnóthach ag déanamh drumana agus ag déánamh culaith deas i gcóír an lae sin. Nuair a thagann an lá bailigheann siad na scataí móra agus téigheann siad ó thig go tig ag bailiú airgid. Bíonn aghaidh feidil ar gach duine aca agus bíonn organ béal agus melógeon á sheimint aca. Bíonn na fir óga sa dreóilín leis agus bíonn láir bhán aca. Bíonn sí déánta le adhmaid agus cuirtear brat bán mór thimcheall uirthe.
Lá le Bríghde: Deineann na cailíní Brídeóg igcóír an lae san. Cuireann siad eadaighe deasa ar an mbrídéóíg agus téígheann siad ar fúid na h-áíte ag bailiú airgid di.
Lá Peadair agus Pól: Téígheann na daoine go léír go Cnoch Bréanainn an lá san ag déanamh oilithreacht agus téígheann cuid aca go dtí Tobar Flóinn amuigh ag Taobh a' Cnuich.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maitias Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí