Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 892
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beag! a deirtear. Beadaí! beadaí a deirtear ag glaodhach ar an gé. Nuair a bhíonn sneachta ar an dtalamh, ní beireann éínne amach an capall go dtí usige le h-eagla go bhfaghadh sé galar as an uisge fuair, ac buicéad d'uisge bhog a thabhairt do, agus dorn brein meascaithe leis an uisge. Siad seo na h-ainmeaca ar ár mba. - ceanann, blaicí, dearg mór, puirtí, maol, dearg bheag, leithíneach. Cuirtear búarac ar cuid des na ba. Tá an buarach déanta de teadán agus buairicín. Nuair a bhíonn duine ag crudh na ba bíonn sé ag amhrán uíocht. Sé seo an t-amhrán:"Grádh bheag í mo bhó,
Mo charaid í mo bhó,
Mo ghrádh bheag í mo bhó,
Tál do chuid bainne dom,
Ná bi in earraidh liom
Mo grádh bheag í mo bhó,
Mo gráh bheag i mo bhó."
Gainimh agus easair a bhíonn mar leabaidh fútha ins an cró. Ar an muinéal is mo a ceangatar na ba. Ar an cois a ceangaltar na gamhna óga go dtí go mbíonn siad mí. Ní thugann cuid des na ba an bainne uatha in-aon cor mar bíonn stailc ortha agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Maire Bean Uí Concubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí