Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 904

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 904

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 904
  3. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    meidir go glaodhtar loinithe air. Bhíodh píosa adhmaid cruinn ar bun an loinithe agus bhíodh sé lán de phoill. Is leis an loinithe a deineadh an t-ím istig sa meidir. Bhíodh duine ag buaileadh an loinithe síos suas ar feadh uair a chluig cun an t-ím do dheánamh. Bhíodh claibín ar bárr na meidire idtreó is ná dortóchaidhe an t-uachtar as. Bheadh fhios agat nuair a bheadh an t-ím deánta, mar ní fheadhfá an loinithe do sáthadh síos in-aon cor. Ní meadar atá ag na feirmeóirí anois act bairille. Tá h-annla ar gach taobh den bairille cun é do casadh mór timcheall. Dá dtagadh duine isteach faid a bheithfá ag deánamh na cuiginne, dheanfadh sé a bairille do casadh ar feadh tamailín. Nuair a bheadh sé deánta, thógfadh bean an tighe an t-ím amach as, agus dheinfeadh sí é do nígh go dtí go mbeadh gach aon rian bainne as. Annsan tógfadh bean a tighe an blathach amach agus thabharfadh sí braon do gach éinne a bheadh istig. Cuirfheadh sí salann ar an ím agus deintí é cuir isteach i feircín. Tógfaí go Corcaig é annsan ar muin capaill. Bhíodh cúpla feircín anáirde ar gach capall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Dúbhda
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Dúbhda
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí