Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 927
- XML “An Táilliúir”
- XML “An Táilliúir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cun culaith do dhéanamh de.Nuair a tharracoídís an líon, dheinidís é cur síos i bpoll uisge agus é clúdach, ar feadh coigcíse. Thógaidhís annsan é agus dheinidís é leathadh amach cun é do thirmiú. Nuair a bhíodh sé tirm thugaidís abhaile é. Gheibhidís tuírgíní cun bheith á bhualadh agus á míniú. Gheibhidís taisteal cun é cíóradh agus dheinidís breáh mín annsan é. Gheibhidís cárdaí agus dheinidís slaimíní de. Annsan dheinidís é sníomh le turn coise. Deineadh é dealbadh agus cuirdís go dtí an fighadóír é. Deineadh sé anairt do cun leínteacha agus bairlíní.
Maitias Ua Dúbhda
Baile na Leacan - Tá triúr táilliúir sa pharóíste seó. Tá beirt aca i gClochán agus duine i mBaile Dhubh. Timcheall seachtmhó bliadhan ó shoin ní raibh annso act aon tailliúir. Í mBaile Dhúinn a bhí sé na cómhnuidhe. Ní deineadh sé aon obair 'na thig feín acht ag dul ó thig go tig ag déanamh eádaighe agus ag deisiú éádaighe. Sgilling an lá a geóbhadh sé mar phágh. Uaireannta eile b'fhéidir go(leanann ar an chéad leathanach eile)