Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 134
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí seana scoil i Leith-choill fadó. Botháinin na h-abhann a ghlaodhtar air agus a ghlaodhtar anois air leis. Bhí bloc fada leathann ar thaobh na teine chun suidhe ann agus siustín deas déanta de thuighe ar an dtaobh eile. Is ar an síustín seo a bhíodh an Máistir 'na shuidhe.
Bhí faill mór ar thaobh an tighe (cuidh de'n falla do b'eadh é) mar clár dubh aige. Bhí fear á dhiarruig an faill seo á thabhairt leis mar fardhoras cun tighe nuadh acht theip air. Bhíodh múintear na h-áite a rád go leanfadh na daoine maithe é sé sin an máistir agus a chuid scoláirí.- Bailitheoir
- Máire Ní Cruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Tímcheall dachad blíadhan ó shin bhí scoil fé bhun Chathair ar an dtaobh thíar de Tráchaiseal 'na mbíodh daoine mór- [?] na h-áite seo ag foghluim rínnce ann. Bí beir fhear mar mháistir ann agus sé an ainm a bhí ortha ná Padruig Ó Gráda ó Rosg agus tá sé 'na beathaig fós agus O Laoghaire a bhí ag siúbhal ó áit go h-áit. Bhíodh Pádruig Ó Gráda ag seimhint an béílín agus bí Ó Laoghaire mar mháistir rínnce acu.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Ní Súileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71