Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 237
- XML “An Fear agus an Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Suim blianta ó shoin do mhair fear, darb bainm do Seán Ruadh, timcheall na háite seo. Rugadh mac do agus ní gach aoinne a chuirfeadh sé mar athair baistighe ar an leanb. Tháinig Ár dTighearna, moladh go deo leis agus thairrig sé bheith mar athair bhaistighe air. "Ó" arsa Seán "ar a son gur duine fóghanta Thú ní chuirfinn mar athair baistighe ar mo leanbh Tú, tugann tu morán saidhbhris do dhaoinibh agus fágann tú daoine eile go bocht dealbh.
Tamall na dhiaidh sin tháinig an Bás agus dubhairt sé go seasochadh sé fein leis an leanbh. "Ó" arsa Seán, "is tú an fear ceart, beireann tú an bocht is an nocht, an lag is an láidir leat. Níl aon spleadhchas le coinne agat." Sheasaimh an Bás leis an leanbh agus bhí Seán agus an Bás ana mhuínteardha as san amach.
Lá amháin dubhairt an Bás mar seo le Seán:- "má ghlacann tú mo chómhairle beir ar na daoinibh is saidhbhre sa dúthaig. Leig amach go bhfuil leigheas agat ar gach galar agus aicíd. Annsan curfar fios ort chun teacht chun daoine a leigheas agus diolfar go maith thu. Ach feuch" arsan bás "aoinne go bhfeicir mise ag a chosaibh níl bac ort é leigheas, acht bíodh ort fein, aoinne go bhfeicir mise ag a cheann gan bac le na leigheas, tabhair suas é."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ua hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí