Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Sprid Céim a Diubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí cúigear mac agus aon inghean amháin aige. An duine ab óige ní dheunfadh sé aon nídh dá athair ach rud éigin i gcoinnibh a tholla. Pé áit a sholáthruig an tathair an tairgead do thug sé pasáiste go Ameirica go dtí an mac sho agus dubhairt leis bheith ag bhailiú leis agus gan teacht na radharc go bráth arís. Seo chun bóthair leis acht maseadh nuair shrois sé Corcaig do thaithn an chathair comh haoibhinn leis gur fhan sé ann go dtí ná raibh leath phinginn na phóca aige. Ní raibh le deunamh aige annsan ach filleadh abhaile arís. Bhí órdóga a chos amuich tríd na bhrógaibh aige sar a raibh leath na sligh curta dhe aige.
    Ar filleadh abhaile don athair agus dos na mic eile ón bpáirc tráthnóna áirigthe cé bhí istig sa chuinne rómpa, agus é do droch ghrothanntach, ach mo bhuchaill. "A Dhia Mhóir", arsan tathair "feuch mar a bhfuil an bitheamhnach agus mise lán ceapaithe go raibh se thall in America le fada."
    Ar maidin amáireach bhailig an sean-duine seana-rámhaintí agus grafáin agus giuirléidí eile iarainn a tháinig fé na láimh agus chuir isteach i mála mor iad agus dubhairt leis an mbioranach óg iad a bhreith go dtí an cheardchain leis. Dubhairt sé iadh fhaghail léasaighthe ansann agus gan teacht abhaile go dtí go mbeidís go léir aige agus bheith deimhnighteach teacht abhaile an oidhche sin. Bhí fhios ag an athair go gcaithfeadh se gabhail tré Céim a' Duibh ar a shligh abhaile agus bhí fhios aige leis go gcasfadh an sprid air ansúdh. Bhí an sprid seo i bhfuirm mná agus bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    100
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí