Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 178
- XML “Scéal Grinn - Na Préacháin i gCathair Dhá Chon”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Botháin Dóib Buidhe a bhí mar teampall paróiste i gcill-an-dísirt fadó, san áit ceadna 'na bhfuil an teampall paróiste suidhte anois. Níor ceaduigheadh do na daoine aon teampall níos fearr a thógaint go dtí go bhfuair Domhnall O Conaill saoirse ga na gcaitliceach 1829. Bhí tighearna talmhan darbh ainm "Scott" na chomhnaidhe i gcathair dhá conn san mbliadhain 1829. Protastúnach ba eadh é a shiolaigh(?) ó na gallaibh. Bhí crainn mhóra ag rás timcheall a thighe 'na mbíodh na preacháin ag troid agus ag déanamh fothrom ó mhaidean go h-oidhche gan stad beagnach. Do chuir san fearg mhór ar an dtighearna talmhan.Aon lá thánaig an sagart paróiste chuige ag iarraidh píosa talmhan i gcóir teampaill. Bhí fonn magaidh ar Scott nuair d'airigh sé an athcuinge, agus dubhairt sé go mbronnfadh sé an talamh ar an bhfear naomhtha ar choingeall go gcuirfeadh sé ruaig ar phreachánaibh as na crannaibh timcheall an thighe."Bhíodh sé 'na mhargaidh" arsa an sagart. Tugadh an talamh. Tógadh an teampall agus ruaigeadh na preacháin ón lá san go dtí 1931 ní raibh tásg ná tuirisc preacháin le feiscint san áit. Tá an tigh anois i seilbh na misnéirí agus deintear clocha de.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Nell Bean Uí Mhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Shore Park, Co. an Chláir