Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 4) Rath Leac na SionnachDo dhein fear i Leac na Sionnach taidhbhream aon oidhche go raibh croca óir curtha i bhfolach ins an rath i Leac na Sionnach. D'innseadh do dul gá lorg uair an mheadhon oidhche agus a bheith aireach nach chífeadh aoinne é ar an mbealach. Dubhradh leis dá chífeadh aoinne é agus é ag dul ar an mbothar nár fhéadfadh sé an t-ór d'aimsiú.Bhí comharsa na chomhnaidhe tamall beag uaidh agus bí madra an olc aige. Nuair abhí fear an thaidhbhreamh ag dul thart do thosnuigh an madra ag tafan. D'fheach an fear gur leis an madra amach tríd an bhfuinneóig chun a dhéanamh amach fath an thafáín. Do chonnaiceadh an fear annsan agus d'iompuigh sé thar nais abhaile.
5) Dún in Luis Corcair = Carrghlais (?)Bíonn connghlais ag fás go fluirseach ins an oileán sin: sin é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air. Tá dún ins an oileán sin, tamall beag ó thigh chomhnaidhe 'na mbíodh sealbhathóir an oileáin agus a chlann na gcomhnaidhe fadó. ( aire (?) atá na chomhnaidhe ann anois). Tá bóthar tirim ag dul isteach san oileán san, nuair a bhíonn an taoide amuigh agus annsan is féidir le duine siubhail treasna an bhóthair.Aon mhaidean bhí an lion-tighe ag ithe a mbreicfeasta, nuair do bhuail duine ag an ndoras. Nuair d'oscaileadh é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Connor Mac Eochaidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir