Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 226
  3. XML “Leigheas a Dhein an Bhean Feasa Biddy Early ó Oirthear Chontae an Chláir”
  4. XML “Leigheas a Dhein an Bhean Feasa Biddy Early ó Oirthear Chontae an Chláir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus do thuit a bhean tinn. Do theip ar an ndochtúir í do leigheas agus do dhein a fear chéíle machtnamh agus dubhairt sé leis fein go raghadh sé chuig Biddy agus go n-innseochadh sé a scéal di agus b'feadar go nglacfadh truagh do í agus go leigheasfadh sí mathair a chlainne.
    Do thosnuigh sé ag gluaiseacht ar maidean ag marcaidheacht ar mhuin capaill. Timcheall an ama sin bhí cáil Brighde ag leathnú ar fuid na tíre agus bhíodh daoine ós gach áird ag triall chuichi gach lá ag lorg buidéal draoidheachta. Fé dheire thánaig fearg ar an sagart paróiste agus do thoirmisc sé do aon duine láthair tighe Brighde a thabhairt do stróinséar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Bidí Ní Mhochóirí (~186)
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Ghadaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairmeacha beatha
    Búistéir
    Feirmeoir
    Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir